Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0021
  3. XML “Mac is Fiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'imthigh an mac is sine é féin agus bhí sé ag imtheacht nó go bhfaca sé caisleán mór dhá dhéanamh. Chuaidh sé go dtí na daoine do bhí ag obair air d'iarr sé dóibh cá raibh an fear ar leis an caisleán. Is gearr go dtáinig an fear agus d'iarr an mac is sine dó an bhféadfadh sé aon obair a thabhairt dhó. Dubhairt an fear leis go raibh buachaillí ag obair aige agus nach mórán bhí siad ag dhéanamh mar nach mórán do bhí lé déanamh aca. "D'fhanfainn agat" adeir an mac is sine "gan pinghinn gan buan acht mo bhéile a thabhairt dhom." "Mar sin" arsa an duine uasal "is féidir leat fanacht liom."
    Lár na bháireach chuaidh sé ag obair. I n-am dinnéir dimthigh an mac is sine in aonfheacht leis an bhfear uasal agus chonnaic sé teach mór agus d'iarr sé don fhear uasal cé mba leis an teach mór agus dubhairt seisean gur leis féin é. "Cén fáth" arsa an mac is sine go bhfuil tú ag déanamh teach nuadh agus teach chomh h-áluinn seo agat" "Muise" adeir an fear uasal "tá rudaí lé feicheál ins an teach sin ins an oidhche. "Is iomdha duine a d'fhan ins an teach sin ins an oidhche agus bhí siad caillte ar maidin." "Fanóchaidh mise anocht ann" adeir an mac is sine. "Ó, ná fan" arsa an fear uasal "mar is iomdha duine níos fearr ná thusa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Scannláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe