Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0022](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0022.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0022
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0022
- XML “Mac is Fiche”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bhí ann agus bhíodar caillte ar maidin." "Ná bac leis sin" arsa an mac is sine, má chailltear féin mise ní mórán is fiú mé." "Má bhíonn tú beó rómham ar maidin" deir an fear uasal "tiubharaidh mé seic chúig phunt dhuit". An tráthnóna sin ag a sé a chlog d'fág an fear uasal an mac is sine ins an teach seo.
Bhí teine mhór ann, cathaoir aige lé suidhe, bord, páipéir nuaidheachta, agus buidéal fuisge. D'fhág sé an mac is sine ins an teach agus dimthigh an fear uasal abhaile. Bhí an oidhche dhá chaitheamh agus dairigh an mac is sine an clog ag bualadh a dó dhéag. Is gearr gur airigh sé duine ag tigheacht anuas an staighre. Bhí an mac is sine ag léigheadh an pháipéir agus níor thug sé aon áird ar an duine a tháinig anuas. Is gearr go ndeacha an duine thairis agus is beag nach chaith sé an mac is sine as a chathaoir.
D'iarr an mac is sine dó, "Páipéir atá uait?" D'fhreagair an guth agus dubhairt "Ní headh". "Teine atá uait"? "Ní headh". "Solus atá uait?" "Ní headh". "Fuisge atá uait?" "Ní headh". "Céard atá uait"? Dubhairt an duine, "dearbhráthair domsa ar leis an teach seo". Tighearna talmhan do bhí ionnam-sa tráth, agus chaith mé dhá bhaintreabhach bhocht atá taobh thuas don(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe