Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go raibh an fathach imthighthe ag fiadach agus nach dtiocfadh sé go trathnóna. Chuaidh sé isteach agus chonnaic sé an bheirt eile freisin. Chuir siadsan fáilte róimhe freisin. Ba ghearr go dtáinig an fathach. Bhí an fear ar creathadh acht sé an chaoi a chuir an fathach fáilte mhór roimhe. Ba ghearr annsin go raibh uisge ag teastáil ó'n bhfathach agus ní raibh aon uisge istigh. Dubhairt an fear go raibh madraí an-mhaith aige féin agus go dtiocfadh ceann aca ag an tobar. Dimthigh an mada ag an tobar. Nuair a b'fhada leis an bhfathach go raibh sé ag teacht dubhairt sé leis an bhfear an mada eile a chur amach dhá chuartú. Chuir an fear amach é. Níor tháinigh sé sin acht an oiread agus chuir an buachaill aimsire an mada eile amach.
Nuair a bhíodar uilig imthighthe bhí an fathach ag dul ag marbhú an bhuachaill aimsire acht leig an fear fead leis an bhfeadóig agus ar an bpoinnte tháinig na trí mhada ar ais. Mharbhuigheadar an fathach annsin. Thug an buachaill na trí ingheanacha abhaile ag an Rí. Bhí an Rí an-tsásta leis agus thug sé cead dhó an inghean ba shine a phósadh agus a dhul 'na gcomhnuidhe i dteach an fhathaigh. Annsin mhaireadar go sásta uaidh sin amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Conghaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe