Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis agus thug sé an cáca is fiche leis. Bhí sé ag siubhal is ag síor-shiubhal nó gur bhuail ocras é agus shuidh sé síos agus d'ith sé an cáca is fiche. Bhí sé ag siubhal aríst agus chonnaic sé teach i bhfad uaidh agus ní i ngar dhó. Thriall sé ar an theach. Bhí sé na dhubh oidhche faoi'n am seo agus nuair a tháinig sé isteach ins an teach chonnaic sé sean-fhear agus triúr fear óg agus cailín óg cois na teine
Bí an triúr fear óg stróichte stiallta ó na chéile agus bhí a gcuid lámh agus a n-éadain gearrtha míllte. Bheannuigh mac na baintreabhaige agus bheannuigh an sean-fhear dó go múinte mánla. Dubhairt an sean-fhear leis suidhe acht dubhairt sé nach suidhfeadh sé nó nach seasfadh sé go mbeadh fhíos aige cé'n fáth a raibh an triúr fear óga chómh stróicthe giobalach sin. D'innis an t-athair dó gur bé an chaoi a raibh a thriúr mac ag troid lé bliadhain is fiche lé fathach a bhí na chómhnuidhe ins an Domhan Thoir. "Tá siad ag troid leis an bhfathach an fhad sin bliadhanta" adeir an t-athair "agus tá sé ag fágháil an bhuaidh orra i gcomhnuidhe".
Annsin d'fhiafruigh mac na baintreabhai[ghe] den mhac ba shine cá raibh a chlaidheamh ag[us] theasbáin an mac dó í. "Is maith í do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe