Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0036
  3. XML “An Mac is an tAthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cearca dhínn tráthnóna agus caithfidh sé coirc[e] againn agus beidh gach cearc aca ag ithe an choirce acht ní bheidh mise acht ag leagann mo ghob air". Chuaidh an t-athair chun cainnte leis an gceannphort mar geall ar an mac. "Níor dhubhairt tú liom é thabhairt ar n'ais aríst" adeir an ceannphort. "Tiubharfaidh mé deis dhuit air" adeir sé.
    Rinne sé cearca den fhuireann agus craith sé coirce aca. Bhíodar ag ithe an choirce acht amháin í seo. "An n-aithnigheann tú do mhac" anois adeir an ceannphort "má thóigeann tú as an sluagh é is leat an mac". Thóig sé leis abhaile é agus bhí sé go buidheach beannac[htach.(?)] Rinne sé fear aríst den chearc. Bhíodar ag imtheacht leó nó gur shroicheadar áit a raibh aonach. "Déanfaidh tú capall anois díom-sa" adeir an mac agus díolfaidh tú mé agus gheobhfadh tú airgead maith orm, acht ná tug uait an tsrian, nó má thugann beidh tú réidh liom-sa". Rinne an t-athair capall dó agus dhíol sé le fear mór árdnósach í agus fuair sé trí chéad punt uirthe. Thóig sé an tsrian abhaile leis.
    D'imthigh leis an athair annsin nó gur bhuail sé an bóthar abhaile agus níor bhfada go dtáinig an mac suas leis. "Tá lá maith déanta indiú againn" adeir an ma[c.]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cladhnach, Co. na Gaillimhe