Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0037
  3. XML “An Mac is an tAthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níor bhfada go dtáinigeadar chómh fada le aonach eile agus rinne sé capall aríst den mhac agus dubhairt sé leis gan an tsrian a thabhairt uaidh. Ba ghearr gur cheannuigh fear an capall uaidh agus fuair sé sé chéad punt uirthe. Bhuail sé an bóthar abhaile aríst agus ba ghearr go dtáinig an mac suas leis. "Tá lá maith déanta aríst indhiú againn" adeir an mac. Ba é an tríomhadh h-uair a dhéanadar an cleas céadhna acht níor chuimhnigh an t-athair an tsrian a choinnéal an tríomhadh geábh. Nuair a bhí sé sa mbaile sin é an uair a chuimhnigh sé nár choinnigh sé an tsrian.
    An fear a cheannuigh an capall uaidh rinne sé fear dí mar bhí fios aige go raibh draoidheacht ag baint léi. Chuir sé ar áilléar mór an fear agus lá amháin chuaidh sé ag spraoidh agus d'orduigh sé don chailín aimsire áirdeall a choinnéal ar an bhfear. Nuair a bhiodar imthighthe d'iarr sé deoch ar an gcailín agus d'orduigh sé dí dabhach maith uisge a thabhairt chuige. Thug sí an dabhach uisge chuige agus rinne sé eascon dhó fhéin agus dimthigh leis ins an bhfairrge.
    Nuair a tháinig fear an tighe isteach d'fhiafruigh sé den chailín aimsire cá raibh an fear a bhí ar an áilléar aige. D'innis an cailín dhó agus rinne sé eascon dá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cladhnach, Co. na Gaillimhe