Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0056
- XML “Madra Bán na nOcht gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fleasc óir i gcúl a chinn. Bhí go maith. Dimthigh sé féin agus a bhean leó agus chuadar go dtí an Domhan Thoir. Faoi cheann trí ráithe bhí mac óg ag an mbean agus d'imthigheadar leó abhaile aríst.
Nuair a bhí siad cúpla lá ar seóladh tháinig sean-bhean go dtí é agus d'iarr sí an mac an an Rí. Thug sé dí é agus nuair a chuala an bhean é cailleadh í. Chuaidh sé leis annsin agus táinig sé go dtí an domhan thoir aríst. D'iarr sé a inghean ar an rí ann agus thug an Rí dó é [!] agus long óir mar spré leis. Caitheadh an bhainis agus nuair a bhíodar ag teacht abhaile go h-Éirinn ní raibh an long óir leó. Chuaidh an rí ar ais aríst agus d'iarr sé an t-ór ar an rí ins an Domhan Thoir ac dubhairt an Rí nach dtiubhradh.
Sa deireadh rinneadar socrú agus sé sin; ná fuireann iománíochta an Rígh a dhul ag bualadh báire in aghaidh fuireann iománaidheachta na h-Éireann. Chuadar ag bualadh agus bhí fuireann an Rígh ag buadhchaint ar fuireann ríogh na h-Éireann go dtí an ceann deire. Bhí an mac ag an gcailleach go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Uí Mhaoil Eoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe