Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 373
- XML “Seanamhrán - Amhrán Mhicil Shéamuis”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5.
Ar deireadh na míosa a líonfas an ghealach go h-ard,
Racha muid oidhche, nach siamsa a bheidh againn san Áird,
Mar is ann a bhí na daoine bhí go siamsamhail chomh macánta lághach
Ach sé grádh Mhicil Sheamuis ní bhéarfad do fhear eile go bráthach.
6.
Tá grádh do daréag agam is iad fré céile ar aon sloinne amháin
Ach tá duine de'n mhéid sin nach féidir liom-sa a ainm a rádh
Go dtriomadh Loch Éirne is go dtréige an eala Clúineach Bhán
Ní innseochaidh go h-éag dhuit an réasun a dtug mé dhuit grádh. - M'fhirín beag caol in a luighe leis an tobar, a cheann cruadh maol, maol leis an obair. Ní dhéanann sé tada, is cuma cé'n obair go gcuireann a cheann síos ins an tobar. Freagra: Cleite phinnRitheas agus fuaireas, chuairtigheas agus ní bfuaireas, dá bfuigeann é ní thiubhrainn liom é, ní bhfuair mé é agus thugas liom é. Freagra: DealgCé mhéad drioball bó a shroichfeadh an spéar? Freagra: Ceann amháin dá mbeadh sé sáthach fada.