Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 381
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sionnach agus pocaide ann uair amháin agus bhí siad 'na gcomhnaidhe i n-éinfeacht. Is minic do théigheadh an sionnach ag marbhú géadhna, agus ...... , agus d'fhanadh an pocaide sa mbaile. Lá amháin bhí siad ag siubhal i n-aice le loch agus bhí an lá go h-an bhreágh agus bhuail tart mór iad agus b'éigean dóibh a dhul chomh fada leis an loch. Chuaidh an sionnach síos ar dtús ach mar sin féin níor éirigh leis aon deocah a fhághail mar chuaidh sé síos ar mullach a chinn. Annsin d'iarr an sionnach conghnamh ar an bpocaide agus dubhairt an pocaide go dtabharfadh. Chuaidh sé síos annsin ach d'éirigh an cleas céadna dhó agus a d'éirigh don tsionnach.
Mar sin féin d'éirigh leis an sionnach an ceann a b'fhearr fhághail ar an bpocaide mar d'éirigh sé agus sheas sé ar a dhruim agus annsin d'éirigh leis a dhul ar an mbruach, agus bhí áthas an domhain air agus d'fhág sé an pocaide bocht thíos ar thóin na locha. Bhí sé ag déanamh a dhíchill a theacht anios ach do chinn finne air. Annsin do sgread an sionnach agus dubhairt 'a phocaide ná téirigh thusa go deo síos i bpoll ag ól uisge mar a dtéighe tú i bpoll a mbíodh tú indán teacht as'.- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe