Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 413
- XML “An Tarbh Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean agus mac aice. Nuair a d'éirigh an mac suas sé an obair a bhíodh air ná ag tabhairt aire do bheithidhigh gach lá. Bhí tarbh breac i measg na mbeithidheach agus bhí sé ana mhór agus láidir. Ní thagadh an mac abhaile aon lá chun a bhéilí a ithe, agus bhí iongnadh an domhain ar a mháthair mar gheall air sin. Chun an sgéal a thuigsint chuir sí a h-inghean ba shine go dtí an áit a raibh sé ach ní raibh aon mhaith ann. Dheamhan greim a bhfaca sí é ag ithe.
Lá ar na bhárach chuir sí inghean eile go dtí an áit ach bhí an sgéal céadna aice. Tada níor ith sé an fhaid is bhí sí ann. An tríomhadh lá chuir sí an t-inghean eile ann. Bhí suil aice siúd i gcúil a cinn, agus nuair a d'iompuigh sí thart chun filleadh abhaile nár chonnaic sí an buachaill agus é ag baint an adharc de'n bhó agus ag fághail bidh as. Rith sí abhaile chomh mear is a bhí in a cosaibh agus d'innis dá máthair go bhfaca sí a driothár ag ithe bidh as adharc na bó.
Annsin, leig an mháthair uirri go raibh sí go dona, agus dubhairt sí nach leighisfeadh tada í ach píosa de'n tarbh breac. Chuala an tarbh seo, agus bhí sé an-chorruighthe. D'iarr sé ar an mbuachaill na beithidhigh ar fad do mheasgadh le chéile ionnas nach n-aithneochadh an bhean é féin. Rinne an buachaill amhlaidh. Bhíodh an tarbh i gcómhnaidhe i dtosach an tréada nuair a bhíodh sé 'a seoladh amach, ach anois chuir chuir sé é 'na lár(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac an Iomaire
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe