Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 464
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt bhan ann fadó bean shaidhbhir agus bean bhocht. Gach oidhche thagadh fear saidhbhir agus mac baintreaighe go dtí teach na mná saidhbhire agus agus ní thagadh aoine go dtí teach na mná boichte. Cé go raibh an bhean bhocht chomh breagh agus chomh deas ní raibh aon mheas uirthi mar gheall is nach raibh sí saidhbhir. Bhí an fear saidhbhir ana ghaisceamhail agus bhí mac na baintreabhuighe ana chuthail.
'Bhí go maith agus ní raibh go holc'. An oidhche seo d'iarr an fear saidhbhir an bhean shaidhbhir mar mnaoi agus fuair sé í agus failte ón a mhuinntir ach níor mhaith léithe féin é a phósadh. An lá seo d'imthigh leithe agus chuaidh sí o dtí teach na mná boichte agus d'innis sí an sgéal di ó thús deireadh. Dubhairt sí léithe 'tabhair thusa dhomsa do chuid éadaigh -sa agus tabharfaidh mise duit-se mo chuid éadaigh-se agus gabhfaidh mise ag iarraidh déirce. D'imthigh léithe agus is gearr go dtáinig sí go dtí teach beag suarach bocht. Isteach léithe agus ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhaoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe