Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 405
- XML “Seanamhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán
“Shiubhalfainn páirt mhaith d'Éirinn leat agus Baile na Gréige thall”
1.
Shiubhalfainn páirt mhaith d'Éirinn leat agus Baile na Gréige thall
Ghabhfainn go Flaithis Dé leat dá bhféadfainn a dhul ann.
Thiubhrainn Banaidhe Béil dhuit is mo lámh faoi do cheann
Ach ní iarrfainn bó ná spré leat, a Phéarla an Bhrollaigh Bháin.
2.
Ní magadh leat ná bréag é, a chéad shearc mo chroidhe
Ach mo ghean atá uilig go léir ort a Phéarla mo chroidhe
Nár fhága tusa an saoghal seo is nár éaga tú choidhe
Go bhfeice mé mo bhás ort ar thaobh Ros a' Mhíl.
3.
I Ros a' Mhíl cois chuain atá rún shearc mo chléibh'
Néall ní chodluighim suaimhneach le mór-chumha in a diaidh
Ag déanamh lean'dubh in uaigneas is nach truagh le fear mo sgéal
Is í mo leabaidh an uaigh mar a bfuasglochaidh sí mé.
4.
Buachaillín deas óg mé a thug mór ghean do mhnaoi
Gheall sí dom dá bpósfainn í go dtógfadh sí mo chroidhe
Níl airgead ná óir agam mara n-óladh mé mo chíos
Is ní fheicfear choidhe mo bhó-ín ag dul bóithrín Ros a'Mhíl.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bairbre Ni Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Donncadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68