Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- XML Leathanach 042
- XML “An Áit is Stairiúla i Mo Chúige Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)riaghalta ar an gcaisleán go dtí an lá atá indhiu ann, de bhrigh gurb’é cruth an dúin a d’fan air, is dócha.
B’iomdha cath a buileadh i mBlán Ríogh ach tugadh an cath ba mhó ar fad ar 4ad Lughnasa 1316. Bhí Uilliam De Burgo agus Riocáird De Birmingham ar thaobh amháin agus Feidhlim Ó Concubhair agus na Gaedhil ar an dtaoibh eile. Troideadh cath millteach ann ar feadh an lae agus sa deire thiar, briseadh ar na Gaedhil. Marbhuigeadh an Rí Feidhlim agus 800 dá chuid fear, agus d’eirigh go geall leis na Normánaigh. Nílimíd cinnte, cá bhfuil páirc an áir suidhte, ach tá sé dearbhtha go bhfuil sé in áit éigin idir an caisleán agus Stad na (h-Éireann) traenach.
Ar fheiceál dúinn na háiteacha staireamhla seo go léir, atá ’san mbaile seo ní haon iongadh gur thoghas Blán Ríogh mar an áit is staireamhla ’san gCúige. Mar a dubhras cheana “níl aon teinteán mar do theinteán féin” agus is fíor é. Dá luighead ár n-ionad chómhnuidhthe, dá shuaraighe ár dteach is feárr agus is gile linn é ná aon áit eile.- Bailitheoir
- Fionnuala Ní Chatáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe