Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí in Éirinn fadó agus ní raibh aige ach aon mac amháin. Ní raibh an fear seo ar an bhfarraige ariamh go raibh sé bliadhain is fiche d'aois. Dubhairt a athair leis gan dul ag an bhfairrge an lá seo. D'imthigh sé le dul amach ag an bhfairrge agus níor ghéill sé dá athair. Nuair a tháinig sé chomh fada leis an gcladach ní raibh sé i bhfad ann go dtáinic bean óg agus currach aice. Bhí an currach ag dul chomh sgiopaí is go gceapadh go raibh iomhradh na gcéadtha uirri agus gan innte ach aon bhean amháin. Tharraing sí suas an currach. Labhair sí le mac an Ríogh agus dubhairt an n-imreóchadh cluife cártaí a mhic an Rí. Ní faision liom mo chártaí a thabhairt as baile liom a bhean óg. Níl mise fhéin mar sin a mhic ó. Tharraing sí paca cartaí amach as a cluas agus thosnuigh orra ag imirt. An chéad cluife, chuaidh mac an rí é. Tabhair do gheasa a mhic an Rí arsa an bhean óg. Cuirimse faoí gheasaí thú agus faoi mhór-imirce na bliadhna nuair a thiocfhas mise abaile go mbeidh dúthaigh m'athair dubh le beithighidh. Féach anois agus feicfidh t iad arsa an bhean óg. D'fhéach an fear agus bhí. And dara cluife, chuaidh mac an Rí é. Tabhair do gheasa a mhic an Rí arsa an bhean óg arís. Cuirimse faoí geasa tú go raibh seomra i dteach m-athair lán le ór. Tá sin déanta arsa an bhean óg. An treas cluife chuaidh chuaidh an bhean óg é. Tabhair do geasa a mhnaoí óig arsa mac an Rí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe