Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Suíomh:
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Scéal Fada ar an Anró”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duine agam-sa a chuirfeadh treasna mé bhéarfainn cúigear páistí dhó a mbéadh fleasg óir i gclár a n-éadain agus fleasg airgid i gcúl a gcinn. Leis an gcainnt seo a cloisteál do mhac an rí labhair sé "cuirfí mise treasna thú" ar seisean."Go raibh míle maith agat" arsan gcailín. Fuair sé bád agus chuir sé an triúir cailíní treasna. Phós sé féin an cailín a raibh an chlann le bheith aice. Thug sé go dtí teach an rí í. Bhíodar go sona sásta le chéile go ceann tamaill. Ba ghearr go raibh páiste aice. Bhí fleasg óir i gclár a éadain agus fleasg airgid i gcúl a chinn. Tháinig an deirbhsiúr ag breathnú uirthí. Thug sí léithe cat agus leag sí isteach san leabadh é. Thóg sí amach an leanbh agus thug sí síos go dtí an abhainn é. Bhí ollpheist san abhainn. Dubhairt sí "sloig é seo, a ollpheist agus ná leig fiacail air. Nuair a tháinig mac an righ isteach tar-éis a bheith ag fiach leig sé osna agus is beag nár leag sé an chabhail éadain sa teach. "Shíl mise nach mar seo a bhéinn" ar seisean.
    Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Ba ghearr go raibh leanbh eile aice. Tháinig an deirbhsiúr ag breathnú uirthí arís. Thug sí léithí mada agus leag sí san leabadh é. Thóg sí léithí an leanbh go dtí an abhainn. Dubhairt sí an rud céadna leis an ollpheist. Bhí an sgéal mar sin go raibh an cúigear páistí tugtha go dtí an abhainn. D'fhág an deirbhsiúr rud eicínt i n-áit gach páiste a tugadh sí go dtí an abhainn. Bhí sí ag siubhail thart í féin agus an deirbhsiúr. Bhí siad ag siubhail thar an abhainn. Chaith sí an deirbhsiúr féin isteach in éinfeacht leis na páistí agus dubhairt "sloig í seo, a ollpheist
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0707: The Three Golden Sons
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chadhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Chonghailligh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe