Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán dé Faoite, aois 13, as Cill-Sgeachach, Turloch Mór, a fuair an sgéul seo ó na athair, Seán de Faoite.
Tá fothracha sean-chaisleán i gCill-Sgeachach agus creideann muinntir na h-áite go raibh fathach in a chomhnuidhe ann fadó. Tá daoine ar inntin fós, gurb é "Gioll-Sgiath" an t-ainm atá ar an mbaile agus gurbh o'n bhfathach a fuair sé an t-ainm.Pé sgéul é, nuair a bhí Gioll-Sgiath in a ghasúr bheag, bhí an ghrádh ag a mháthair do, mar ní raibh aici acht aon mhac amháin agus ní raibh san gcaislean acht an bheirt aca. Bí rud amhain ag chur imnidhe uirthí, bhí an-ghoile ag Gioll, agus bhí croidhe a mháthar beagnach brisde ag iarriadh a sháthach a coingbeál leis, acht nior chlis sí air. D'fás sé suas go raibh sé ina a fhear óg, agus bhí sé chomh mór, chomh árd agus chomh laidir sin go raibh faithchios ar 'chuile duine roimhe.Lá amháin dubhairt a mháthair leis go gcaithfheadh sé tosnú ag obair chun a bheartha a shaorúghadh. Ceard a ndearna sé? Rinne sé cliabhán mór, chuir sé a mháthair sios ann, d'árduigh sé ar a druim é, agus rinne sé a bhealach go Baile-Átha Cliath.Ag sroichint na cathrach sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Faoite
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Faoite
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe