Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (B)
- XML Leathanach 224
- XML “Féile Mhártain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- M. de Búrca as Cruim-ghlinn do sgríobh.
Naoí n-oidhche lá fhéil Mártan. Mártan mór na Mart a tugtar ar Mártan.
Bhí fear ann úair amháin agus bhí sé pósta. Bhí mac amháin aige. Cailleadh a bhean agus pós sé aríst. Bhí nós ag an bhfear seo muc a mharbhúghadh chuile bhliadhain i nonóir don fhéile ach ní thuíbhrfad an bean seo cead dó agus ní caitheadh sí go maith leis an leas-mhac. Tar éis tamaill bhí mac óg aice fhéin. On Féil Mártan dár gcionn chúaidh an leas-mhac ag an doras dúnta agus bhúail sé air. Dfíofruígh an leas-mhátair cé bhí ann. Ar's an leas-mhac"Is mise Mártan na mart,
Agus ar mo shon ithtear feóil"
Agus muna marbóchaidh tú an mhuc mór bhreac
Marbhótaídh mise Mártan Óg.
Sgannruígheadh an leas-mháthair agus cuir sí fios ar a bhfear an muc a mharbhúghadh agus uaidh sin amach marbhuíghtí in n-onóir do'n fhéile.- Bailitheoir
- Micheál C. de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe