Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear má nígheann duine a éadan san drúcht ar mhaidin lae Bealtaine nach mbeidh sé doighte ag an ngréin ar feadh an t- samhraidh. Ní leigtear cead do duine ar bith splannc no aithinne a tabhairt amach as an teach an lá sin nó ní thuibradh duine ar bith braon bainne do duine eile ar fhaithcios go n-imtheochadh an bainne ar fad don t-é sin.
Deirtear freisin gur feidir an bainne a thógail ó na bá an lá sin. ‘Sé an caoi a ndeantear é, dul isteach sa sráid agus crúca iarrain a chur sa gcarn aoiligh roimh eirigh gréine. Creidtear má chuireann duine, a bhfuil comhacht draoidheachta aige, cac bó faoi cuinneóig duine eile, gur feidir leis, an t-ím a bíonns i mbainne bó an duine sin a tabhairt leis.- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Laimhthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe