Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá 'le Stiopháin
Micheál C. De Búrca as Cruim-ghlinn, do sgriobh (aois 13)
Lá ‘le Stiophán teigheann na daoine fásta ar cúairt. Teigheann na búachaillí thart leis an dreóilín agus bhíonn rann gá casadh acu. Bíonn an boiscín gléasta go deas le eidheann agus ribíní. Seo é an rann a bhíonns aca.
‘Dreolín, Dreoilín rí na n-éan,
Is mór é a mhuirín agus is beag é fhéin,
Lá Stiophán gabhadh é
Súas leis an citeal agus síos leis an bpan
Eirigh súas bean an tighe
Beir ar sgéin na cosa buidhe
Tabhair duinn píghin nó dá phíghin a cuirfheas é’
Bíonn an dreoilín beó ag go leór búachaillí. Cuireann síad isteach i lampa cár é. Geobhfhann síad seo níos mó airgead ná na buachaillí a mbíonn sé marbh aca.Baluigheann siad airgead uibheacha agus arán. Bíonn síad amach ó mhaidin go hoídhche. Bíonn na búachaillí móra ag dul ó theach go teach an lá sin freisin. Bíonn gléas ceól acu agus damhsuigheann síad dreas i ngach tígh. Bíonn sean éadaigh orra. ‘Mummers’ a thugann na daoine orra.- Bailitheoir
- Micheál C. de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe