Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (B)
- XML Leathanach 217
- XML “Seancheirdanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na ceardanna a cleacttaí san áit seo fadó, deanamh coinle, deanam cisean, sghíob agus cliabhán, tuigheadoireacht, doghadh aoil, deanan fuipeanna, agus fighe. Bíonn an cuid is mo des na ceardannaibh seo 'ghá cleachtadh san ait seo fós.
B'é an chaoi a dhéanaidís choinleacha fadó, do chuiridís broibheanna móra laidre i ngeir ar fead cupla lá. Do thógaidís as iad annsin agus nuair a beidís tirim bheadh siad in ann iad do lasadh. Timcealls sgór bliadhan o soin freisin bhíodh beirt no triúir fear san gceanntar seo, agus b'é an ceard a bhí aca deanamh cisean, sgiob agus cliabhán. Tá an ceard sin, fe láthair ag Pádhraic Ó'Coinnín as Cill-sgeachach, agus ag Pádhraic Ó'Colmain as Cruim-Ghlinn.
Bíonn tuigeadoireacht 'gha cleachtadh san áit fós. Tá an ceard ag Stiophán Mac Giollarnath as Cruim-Glinn, ag Uilic Mac Aodhagáin as Cluain na bhadóg, agus ag Domhnal Ó'Cátháin as Baile na Móna. Bhíodh fuipeanna 'gá deanamh ag "Johnny Watts as Curacht Feirín, act níl an cheard 'ga cleachtadh aige anois.- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach Thoir, Co. na Gaillimhe