Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tugtar oidhche Seáin ar an 23adh Meitheamh. Lasann na daoine teine cnámh an oidhche sin. Le onoir do Naomh Sheáin Baisdeach. Bhíonn na búachaillí ag cruinniú sprús adhmaid agus móna. Thugann duine gabhail móna agus thugann duine eile gabhail tuighe agus duine eile cnámh agus splanc chun na h-áite a bhíonns an teine cnámh le bheith aca. In áiteacha deireann síád an padrín páirteach. tart ar an teine. Fadó bhí nós ag na págánaibh agus dheanaidís teine agus sheólaidis na ba tríd an teineadh seo agus shíl siad go mbeadh na ba saor ó gach aicíd na blíadhna.Anois núair a múchta cuireann síad lúaithe no splanc as an teine isteach sa bpáirc a bhíonns in aice na teineadh agus thugann daoine aithinne abhaile leó agus chaitheann síad isteach i ngort na bhfata a bhionns aca féin. Creideann síad go gcoinnigheann sé seo an galar ó na fataibh ar feadh na bliadhna.Lá le Seáin bhíonn aonach i Mainistear. Úain is mo a bhíonn 'gá dhíol ann. Fadó bé an lá sin teigheadh na fir go Sasanach mar bíodh an síol fad curtha aca na fataí lánta agus an mhóin bainte an t-am sin.
- Bailitheoir
- Micheál de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe