Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 130
- XML “Aiste - An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Droch-Shaoghal ann tuairim is céad bhliadhain ó shoin. Le linn na h-aimsire sin bhí na daoine i gcruadh-chás, mar bhí siad ag fághail bháis leis an ocras agus leis an anró. Ní raibh aon bhiadh aca le n-ithe acht fataí chun iad féin a choinneál beó, agus nuair do mheath na fataí bhí siad ag fághail bháis 'na sluaightibh.Dubhairt mo shean-athair go raibh corpanna caithte i ngach áit.Ar an bpoinnte boise nuair do bhí galar ann tháinig gorta. Bhíodh siad ag fághail bháis istigh ins na tighthe, ins na portaigh, cois claidhe, ar na sráideanna, i bpáirceanna, agus i dtighthe na mbocht.Do cailleadh go dtí dhá mhilliún duine an t-am sin le gorta agus le galar.Nuair do mheath na fataí bhí na barraí eile ar fheabhas, acht b'éigean do'n na barraí do dhíol chun an chíos a d'íoc. Cuireadh na daoine san am sin i bpollanna ins na portaigh, i gcárnáin, i lochanna, agus nuair do bhí an droch-shaoghal thart tháinig daoine agus chuir siad na daoine a bhí curtha mar sin i roilig.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Mhí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe