Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 156
- XML “Caint agus Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an donas ar an aimsear.
Ta droch uair air.
Lá bhog a bhí indé.
Tá sé ag séadadh seachadh indiú.
Tá an aimséar ag eirighe níos meas ‘cuile lá.
Sílfea go bfhuil cosamhlacht báisteach air.
Bhí sioc bán amuigh ar maidin.
Tá droch cuma ar an lá.
Togha lá atá ann.
Togha lá, buidheachas le Dia.
Tá an grian ag spalpadh suas.
Bhí an lá dorcha tamall ó shoin.
Tá an lá go bréagh acht níl fhios agam go seasfaidh é.
Sé seo an seachtmhain is fear a bhí againn le tamall fada.
Tá mé ag cur allais leis an teas.
Nuair a bhíonn na fáinleóga ag eitilt go h-íseal bíonn droch aimséar le teacht.
Nuair a bhíonn na faoileán ag dul I dtreo na fairrge bíonn baisteach ar an aimsear.
Nuair a bhíonn scamaill mora dúbha sa spéir sin comhartha báistighe.
Bíonn baisteac le teacht nuair a bhíonn dath trom dubh-bhuidhe ar an spéir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEóláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraigh Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe