Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar cor ar bith, agus cé h-iad na daoine seo. Ar an bpoinnte sin dubhairt na daoine ós árd, Is sidheóga muid agus thuit an shean fhear ar an urlár agus ní raibh cor as. Ceap siad go raibh sé marbh agus tháinig na cómhairseanna isteach agus thosuigh siad ag guidhe ós cómhair an coirp, Bhíodar ar tí é a cuir isteach san cónrainn nuair a leig sé sgread agus rith na daoine amach. D'eirigh sé annsin agus ní raibh tada air agus ar seisin le na mach, "Muise, nár dubhairt mé cheana nach raibh ionaid acht amadáin agus m'anam gur fíor é.
- Bhí beirt fear ann fadó. Seán do b'ainm do dhuine acú agus Pól do b'ainm do'n duine eile. "Goid fear púnt uaim aréir" arsa Seán. "Muise cé an sórt
glincín tusa" arsa Pól. Níor goid aon fear púnt uaimse ariamh, Tá mé ró-ghlic. Tá tú ró-glic an bhfuil arsa Seán. "Goidfidh mise an braitlín as do leabaidh anocht? Ní goidfidh arsa Pól. Cuirfidh mé geall leath go ngoidfidh" arsa Seán. Bfuil cead agam tú do lámhach má fheicim tú?" arsa Pól. Tá gan amhras arsa Seán. Maith go leór tiubhraidh mé míle púnt duit má goidheann tú an braitlín as mo leabaidh anocht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe