Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 269
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi fear ann fad o agus bhi cruit air. La amhain chuaidh se ar an aonach cun bo do dhiol. Diol se an bho agus annsin cheannuigh se uisge beatha agus dol se e. Nuair do bhi se ag dul a bhaile bhi se ar meisge agus thuit se ar an mbothar i naice le dun agus tainigh chodlad go dti an mheadhon oidhce agus annsin tainig na sidheoga amach as an dhuin. Tosnuigh na sidheoga ag damhsadh acht ni raibh aon phort acha Dia Luain Dia Mairt agus Dia Ceadaoine. Stad na sidheoga nuair chuala siad ceol an fhir agus thainigh iongnadh orra Biodar an t-sasta leis an bfocal nuadh do fuadadar. Ritheadar go dti an fear agus tugadar isteach san dun leo e agus chuireadar os comhaie an riag e. D'innis na sidheoga don righ cad do rinne an fear agus bhi an rig an tsasta freisin. Cad deanfaidh me do ars an ri. Bain an chruit de ars siad agus leis sin thuit an cruit ar an urlar agus bhi an fear chomh direach le peann luaidh. Cuaidh se a bhaile ar maidin mbarach agus bhi iongnadh ar na daoine nuair a chonnaich siad e. Chuala cruiteacan eile an sgeal agus oidhce amhain cuaidh se go dti an dun agus leig se air go raibh se i na chodladh. Thainigh na sidheoga amach ar an mheadhon oidhce agus thosnuigheadar ag damsadh agus iad ag captin Dia Luain Dia Mairt agus Dia Ceadaoine.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ulcín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hUlcín
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe