Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 274
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darbh ainm Brian in a chomhnuidhe i mBaile Átha Ríogh. Fear saidhbhir a bhí ann. Bhí croidhe aige chómh cruaidh le chloich. Níor thug sé pinghin do duine bocht. Ní raibh aige acht giolla amháin agus ní tabharfadh sé paidhe ar bith do. Is ar éigin a thabharfadh sé a sháith le n-ithe dhó. Bhí faitchíos an domhain ar an ngiolla roime acht tháinic faitchíos air sa deire.
Oidhche amháin chuaidh an ghiolla amach ins an sgioból agus fuair sé tuadh. Nuair a bhí a mháighistir imthighthe in a chodhladh chuaidh an giolla isteach ins an dteach. Suas an staighre leis go dána agus bhuail sé ag doras a mháighistir. "Tar isteach ", ar seisin "acht cé atá annsin ar chor ar bith". "Tar amach annseo agus bheidh fhios agat cé atá annseo" ars an ghiolla go feargach,
D'feach an fear amach an doras. Cómh luath agus chonnaic sé an giolla chroch mo dhuine suas an tuagh in áirde" "Bainfidh mé an cheann díot muna dtugfaidh tú céad púnt dom ar an bpoinnte sé" ars an giolla go dána le n-a maighistir. "Ara, ce'n t-seafóid atá ag teacht ort anois a phlaidhche " ars an sean-fhear saidhbhir. "Tabhair dhom an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEóláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe