Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 238](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_238.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 238
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 238
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chapaill agus geobhfair féar”. Séard a dubhairt an capall, “gheobhann an capall bás an fhad is tá an féar ag fás”.
Bhí cat ann fadó agus tháinic buachaill isteach agus chuir sé síos bainne te. Thug sé an bainne te de’n chat lé n-ól agus dóigheadh a bhéal. Tháinic an buachaill isteach an chéad lá eile agus thug sé bhainne te dhó. Séard dubhairt an cat “chonnaic mé cheanna thú”.
Dá dtiocfadh fear ag iarraidh iasacht chúig bpúnt ort agus go dtabharfá dhó é agus thiocfadh sé arís ag iarraidh iasacht chúig bpúnt eile séard a déarfá “chonnaic mé cheana thú” mar dubhairt an cat leis an mbainne bruithte.
Bhí mé lása mbaile mór agus chonnaic mé buachaill ag breathnú isteach an fhuinneoig, séard a dubhairt mé “mian mic a shúil”.
Ní théigheann cuileóg sa mbéal a bhíonn dúnta.
Múin go do mháthair lé leite a dhéanaimh.
Gach duine a bheith ag iarraidh tochailt ar a cheirtlín féin.
Lá éigin ‘seadh feictear an caraid is fearr.
Is maith í an fhoighid ach is dona í an faillighe.
Ní fhághann minic onóir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Buiréad
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Buiréad
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe