Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ór i bhfolachBhí fear i n-Úirid a d-tugadh siad Tomás Buidhe air. Tá an Uirid i n-aice lé Sruth Saileach - cúpla míle soir uaidh agus ó dheas d'en bhóthar mór ó Ghaillimh go Clochán. Bhí neach ag teacht aige ar fead bliadhanta a rádh leis imtheacht go droichead Béal Átha an Ríogh agus go bhfuigheadh sé pota óir ann. Níor thug sé aon áird air. Bhí sé ag teacht chuige chuile bhliadain ar feadh seacht mbliadhna. Dubhairt sé leis féin go g-caithfead sé bheit fíor agus é a theacht aige an seachtmhadh bliadhain. D'imthigh leis agus níor stop sé gur tháinic sé go dtí an droichead. Chaith sé lá annsin. sa'n tráthnóna thóg se lóisdín agus tháinic sé arís ann an lá ina dhiaidh sin. Chaith sé an lá ag siubhal ar an droichead agus ní bhfuair sé tada. Thóg sé loisdín an oidhche sin arís. Is beag nach raibh a chroide shios ina cosaibh agus é sáthach brónach. Tháinic sé ann arís an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 58
- Seoladh
- An Machaire Beag, Co. na Gaillimhe