Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 149](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0067%2FCBES_0067_149.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 149
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)feidir a bhaint amach go dtáirno sé amach é.
Ní maith leis na daoine na luchain mar míleann siad go leor arbhair agus fataí. Ta sceal innsíghthe faoí an caoi a rinneadh an céad luch. Lá amain nuair a bhí Naomh Peadair ag ithe a dhinneár, bhí piosa feóla fágthai aige. Cuir sé faoí mias e agus dubhairt sé leis an g-cailín aimsire gan é a chorruigh. Bhí an cailín fiosrach agus d'árduigh sí an mias agus rith luch amach as rith an cat in-dhiaidh na luiche ach nior mharbhuig sé é. Bhí an cailín ró-fhiosrach agus atruigheadh an piosa feola go luch.
Ainmhidhthe beag nimheach é an easog. Marbhuigheann sé coiníní agus franncaigh agus olann sú a gcuid fola. Tá scéal innsighthe faoí franncach agus easóg a bhí ag troid. Chonnaic fear iad agus bhuail sé buile dá chois ar an bhFhranncach d'ionntuig an franncach thart agus bhain sé greim nimhneach as cois an fhir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 59
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe