Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtí an clár. Níor mhaith lé mo mhathair an teine a leigint as nuair a bheadh sí ag déanamh maistreadh. Tá nós ag na daoine thart annseo sul a thosuigheann siad ag déanamh an maistreadh gheobhfainn siad splanc beag as an teine agus cuireann siad faoi thóin na cuinneoige é. Níor mhaith leob act an oiread iarrainn a leigint amach as an teach agus ní leiginn siad amach é. Dá dtiocfadh duine isteach go dtí an teach nuair a bheadh an maistreadh dhá dhéanamh ní thiocfadh sé amach gan dreas a bhualadh ar an gcuinneóig mar cheapadh siad go dtuibhairfead sé leis an t-im dá dtiocfadh sé amach gan dreas a bhualadh ar an gcuinneoig.
Annsin tosuigheann sí ag deanamh an maistreadh agus bhí sí ag tarraingt an luithne síos agus suas no go raibh an maistreadh déanta aice, bhí fhios aici annsin go raibh sé déanta mar bhí ím ar bhárr an bhainne. Annsin cruinnigh sí an t-im lé chéile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe