Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ceann tuighe a bíodh ar na tíghthe ar fad. Corr teach a mbhíod slinn air. Tuigeasg agus tuige cruithneacth a chuirtí ar na tighthe agus uaireannta chuirtí giolcachaí orta. Cuirtí bun-t-sop fraoth orta. Théighfead siad amach ar an sliabh ag baint fraoigh agus tuigeasg. Ní bhíod acht aon doras amháin ionnta. Ní bhíodh acht seomra amháin i gcuid aca agus ní bhíod doras ar bíth idir an seomra agus an chistinigh acht brat déanta de mhálaí ar sgath an leabadh. Ní bhíod acht fuinneóg beag amháin insan seomra leabthan agus ní bhíod ceann ar bith io gcuid de na tighthe. Aon plana amháin gloinne a bhíodh insan bfuinneóig beag sin. Urlar dóibh a bhíodh ionnta, Teine mona a bhíodh aca. Connle déanta de sliseog giusaighe a bhíod ag cuid aca. Thrillsean déanta de bhroib túmtha i ngeir a bhíod aca agus coinnle geir ag cuid eile. Go minic b'fheidir nach mbeadh gloinne ar bith sa bhfuinneoig dá mbeadh a leitheide ann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe