Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 048
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Chaith mé seacht seactmhaine fada, 'Mo luidhe ar mo leaba is mé tinn...

    Chaith mé seact seactmhaine fada
    'Mo luidhe ar mo leaba is mé tinn
    Aon phóigín amháin ó mo Neilín
    Is thóigfeadh sí ceó dem mo chroidhe
    D'eirigh mé maidin Dia Céadaoin
    Níor choirsic mé m'éadan faraoir
    Ag imtheacht 'mo bheist is 'mo léine
    Ag sgaoileadh na ngéagán le gaoith
    Rug mé ar an arm ba géire
    Chnuic a bhí géar as a mbárr
    A lán rudaí eile nac ndéarfainn
    Níl únsa ar bith céille 'mo cheann
    Ba mhaith liom fear coráin is fear láighe
    Fear a bhéarfadh a thuagh is ar shámh
    Fear a bhainte na món' san uaigneas
    Chuirfeadh sé suaim ar na mná
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Shuileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe