Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. An chéad íasc a mhairbhuigheas tú ní maith leat é a roinnt
2. Ní roinntear an chéad toradh
3. Bíonn im leis an gcéad béile fataí nuadh
4. Ní cheart an chéad chuan a bheadh ag madadh a choinneál.
5. Báidhtear an chéad cuan cait.
6. Má bhearann madadh ort, tarraing Ruainne de'n fhoinneach de'n mhadadh. Cuir leis an lot é agus báidh an madadh.
7. Tá cás mór dhuit má fághann tú gloine tús phota.
Má thugann tú splanc as an "still house" béidh faitchíos ar an stiléar nach mbéidh sé ádhmhail agus má tá toirneach ann caithfidh siad Crois Chéasta iarainn síos sa leann.
8. Dá mbéadh bó droch mhuinte (dudach) aca tugann siad déirce bainne trí h-uaire uatha don té is mó theastuigheanns sé uaidh.
9. Bligheann siad an chéad trí sruth bainne ar an talamh tar éis breith don bhó.
10. Dhá mbéadh do chuid beithidhigh ag troid le chéile le iad a shuaimhneadh chaithfeá trí braon "Shean Máighistear" (moin) ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)