Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 049
- XML “Taimín Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aréir ag teact ó chuairt dom
'Seadh dhearc mé stór mo chroidhe
'Sé mo chreach agus mo bhrón
Nac sa mbaile a chaith mé an oidhch'
Tá airinn ag teacht treasna thrím
Atá ag comhnuidhe i lár mo chroidhe
Is a stóirín teara abaile liom
No is goirid é mo shaoghalTháinic Taimín bán ar chuairt agam
Is mé in uaigneas beag liom féin
'Sé dubhairt sé ná bíodh buaidheartha ort
Ná rud ar bith mar é
Do chúilín catach buadhanach
Is gur leat a luadhadh mé
Is gur measa liom naoi n-uaire thú
Ná an mháithrín a dhúil mé
Ach a chumharsannaí is a comhairleacha
Má chuaidh mé ag múnadh an eolais
Go stóirín geal mo chléib'
Ní bhfuair mé ariamh droch eolas
Go fóill ó rugadh mé
Is mar a bhfeicim ag dul a' bóthar í
Go dtógfadh sí mo chroidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Mhógáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe