Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Úr artúr agus Lámh DheargBhí rí ar Éirinn ar a tugadh Cúraoí Mór. Bhí triúr mac aige; Úr artúr agus Lámh Dhearg na h-ainmneacha a bhí ortha. Bhíodar ann tugtha do fhiadhach agus ní raibh sliabh ná coill in Éirinn nac raibh siubhalta aca ar lorg na bhfiadh Lá dá raibheadar amuigh ag fiadhach bhí an t-athair is an mháthair fágtha sa teach gan duine ná deoraidhe le aire a thabhairt dhóibh. Tháinic "Sparán na Bruidhre" flaith cumhactach as an Domhan Thíos Nuair a fuair sé an triúr mac ag fiadhach agus [?] bhain sé na fiacla dá n-athair agus d'imthigh leis go Tír-fó-Thuinn aríst
Ag filleadh abhaile don triúr bhí ann bhuaidhreadh agus ann bhriseadh croidhe ortha. Dubhairt Úr an mac ba shine dhá mbeadh sé féin sa teach nac rachadh Sparán na Bruidhre slán thar an tairseach
Dubhairt Artúr an dara mac dhá mbeadh sé sa mbaile ----
ac dubhairt Lámh Dhearg nac mbeadh sé féin indon tada adhéanamh le stop a chur le faill [?] an Sparáin Nuair a chuala an rí é seo tháinic cuthach feirge air agus ruaigeadh Lámh Dhearg as an teach. Annsin dubhairt sé leis an mbeirt eile nac mairfeadh sé mara bhfuigheadh sé na fiacla ar ais agus d'iarr sé ortha dhul ar thóir Sparáin agus na fiacla a bhaint dhe agus iad a thabhairt ar ais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe