Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Nósanna faoi Phósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Nuair atá an cleamhnas déanta ní ghabhfadh an bhbean óg amach in aon áit nó go bpósfaidh sí agus ní théigheann an fear óg ar an bhfarraige nó go mbéidh sé cúpla lá phósta.
    2. Nuair a thiocfas an lánamhan pósta isteach i dteach an fhir béidh sean bhean sa teach agus déanfaidh sí dhá leith don cháca phósta ar mhullach na mná óige agus tugtar an cáca annsin don bhean óg agus gearrann sí ina bpíosa beaga é agus roinnfidh sí thart iad ar mhuinntir na bainse.
    3. Béidh ádh caorach ar an gcéad fhear a mbéidh an phóg phósta aige.
    4. Nuair atá siad (an bheirt phósta) ag dul amach doras theach a' phopail thar éis pósa, an chéad duine a chuirfeas a chhos taobh amuigh de dhoras is air a bhéas imnidhe a' tíghe, agus 'sé an chéad duine a chaillfeare.
    5. Ní théigheann sí (an bhean nua phósta) go dtí a máthair go ceann míosa (cuairt míosa)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. pósadh (~4,283)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)