Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 142
- XML “An Súisín Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Súisín = ól)'Sé súgh an ghráin eorna' tharrnuigheas gleo troid agus bruidhean
Luach an óil go deó ní bhfuigheadh choidhche ' n
Nó go n-athruighdh an chóir agus an gaoith a dhul ó dheas
Ach is liomsa an phóg agus go deó na ndilleann an bheanThíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mnáibh.
Agus thuas ag Gaillimh 'seadh d'ól mé leó mo sháith
Dar bhrígh mo bhaistidh mar a leigidh siad dhom-sa sheal mar t (?)
Déanfaidh mise cleas deas a racfas i bhfaidhm ar na mnáibhAgus rinne mise cleas i dteach Uí Dhómhnaill aréir
Agus an dara cleas i dteach an ósta le na thaoibh
Agus tríomhadh cleas níl gar dhom ag innseacht mo sgéil
Gur chuir an cailleach amach le Chasadh an t-Súgáin méAgus tháinic mise isteach i dteach dha uair roimh a lá
Bhí cailín deas ann ar a Cúlán romham ar lár
Níor bhreathnuigheas tharm go h-iseal ná go h-árd
Nuair a thóigeamar a gcos agus gur bhogamar an súisín bán- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe