Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Uilliam Riaghallaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Baintreabhach is maighdean a rinne Dia dhíom go h-óg
    An Cuimhneach lib an lá úd ar báthadh mo stór?
    Dhá mbéinn-se sa mbád an lá sin is mo dhá láimhín a bheith ar an sgód
    Mo lámh is m'fochal duit a Uilliam Raghallaigh mar deas mar do leigheasfainn do bhrón.
    Níor mhór liom Uilliam Raghallaigh
    a bheith in a chliamhain ag Rí
    Nó a Chuid Cuirtíní geala glégeala
    bheadh thimcheall a'r san oidhch'
    Do bhean phósta a mhíle stóirín
    Nár chóir ariamh do leaba
    Nuair a shíl mé dhul go do phógadh
    Gur ar do thórramh a bhí an bhainis
    Ar chuimhneach lib a dhaoine
    Lá raibh an t-sráid seo lán da mharcaigh
    Ag Sagairt is ag bráithre
    'Gus iad ag tráct ar do bhainis
    Bhí "fiddle" ar chlár ann
    Is an chláirseach dá freagairt
    Is dhá réag dena mná bána
    Ag tabhairt mo ghrádh geal cun na leapa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Mhógáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe