School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 252
  3. XML “Fear na Stocaí”
  4. XML “An Fathach Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. An Fathach Ruadh.
    Tráth dá raibh Fionn agus na Fianna in Éirinn bhí Fathach Ruadh in a chómhnaidhe sa Domhan Thoir a raibh faitchíos ar chuile fhear roimhe. Ní raibh fear sa domhan a bhí chómh maith leis ag troid no ag coraidheacht no in gníomhartha gaiscidheacht ar bith agus ba cuma cá áit a dtéigheadh sé ní raibh fear a dhiongbhálta le fághail. Bhail chuala mo dhuine cainnt ar na Fianna agus thug sé a aghaidh ar Éirinn lé dúbhlang a thabhairt futha.
    Nuair a chualaidh na Fianna go raibh sé ag tigheacht tháinig faitchíos ortha agus tháinig siad le céile le seift a cheapadh a chuirfeadh 'un bhealaigh aríst é. B'é Goll mac Mórna an fear láidir i measg na bhFiann an t-am sin agus dubhradar le chéile go gcuirfidís Goll amach ag cumhdach na mbeithidheach nuair a bheadh an Fathach Ruadh ag tigheacht ag cur i gcéill nach raibh in a bhfear láidir féin acht spriosán i measg laochraí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.