Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 289
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- C. Rud beag a bhí ag fás ar crann, chonnaic beirt é, thóg cúigear é, chogainn daréag é agus leig éinne amháin siar é.
Freagra; Ubhall.
C. Cad iad na trí nighthe is fuara amuigh.
Freagra; Deor aille, leac-oidhre, srón mada.
C. Cen focal is fuide sa mBéarla.
Freagra; Míle-gáire mar tá míle idir an chéad litir agus an litir deire.
C. Saighdiúirín dearg ar bhárr crainn, chloc in a bholg is maide in a cheann.
Freagra; Sceacóire.
C. Tá caisleán sa ngáirdín 'na gcomhnuigheann na céadta. Ní fhillfinn féin ann ar leath mo chuid éadaigh
Freagra; Poll-seangháin.
C. Bean fhada dubh is í an fhada amuigh.
Freagra; An oidhche.
C. Bean fhada ghléigeal agus crios dhá thaobh féin uirthi.
Freagra; Punann coirce.
C. Braithlín bán ar bóthair lataighe.
Freagra; Soillse na Gealaighe.
C. Na ceithre nídh the gan maith:-
Freagra:- Sagart gan Laidin, muileann gan uisge, trump a gan téanga, madra allta gan fiscal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cadhain
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dubhachta, Co. na Gaillimhe