Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 291
- XML “Bá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is minic a bhíos na daoine ag cainnt ar na rudaí a thárla fadó. Fiche bliadhain ó shoin bhí fear in a chomhnuidhe Inis -Dubhros. 'Sé an t-ainm a bhí air ná Seán Seoighe.
An lá seo bhí aonach ar an bhFairche, agus chuaidh sé ann. Treasna na locha a ndeachaidh sé i mbád leis féin. Nuair a bhí a chuid gnótha déanta d'fág sé an baile le teacht abhaile. Bhí tuitim na hoidhche ann, agus ní raibh mórán solus aige.
Nuair a bhí sé amuigh i lár na locha do buaileadh an bád in aghaidh carraig mhóir a bhí sa loch. Tháinig poll na mbád, agus thosuigh se ag líonadh le uisge. Fá dheireadh thiar chuaidh an bád síos agus bádhadh an fear bocht.
Tar-éis cúig lá déag tháinig an fear go bárr an uisge arís. Fuaireadar an chorp, agus thugadar abaule. An lá in a dhiaidh, tugadh chuig an bhFairche é agus cuireadh ann é.
I Loch Coirb a thárla an bádhadh seo sa mblian 1918. Tá cuimhneamh ag muinntir na h-áite seo go foill air, agus béidh go bráth.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe