Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 318](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0075%2FCBES_0075_318.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 318
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Féile Naomh Eoin: Déantar teinteacha cnámh an oidhche sin, agus tógtar splannc as an teine agus cuirtear isteach sa ngort é.
Lá Féile Peadair is Póil: Tá sé ceart Peadar nó Pól a bheith mar ainm ar éinne a rugadh an tráth sin.
Lá Mártain: Déantar ainmidhe nó éanlaith a mharbú an lá sin in ónóir de Naomh Mártain.
Oidhche Shamna: Bíonn na sidheóga amuigh an oidhce sin adeirtear, agus bíonn spóirt mór ag na paistibh ag imirt cleasanna.
Dhá Lá Dhéag na Nodhlag: Déantat dhá cháca dhéag na laeteannta sin in ónóir do na dhá lá dhéag, mar ar feadh na laetheannta sin a thárla an ghaoth mhór sa blian 1839.
Oidhche Nodhlag: Bíonn féasta ag óg agus aosta an oidhche sin, agus bíonn coinlí ar lasadh í ngach teach. Bíonn sé ar an 24ad de Mhí na Nodhlag.
Lá Nodhlag: Bíonn bród ar chuile duine an lá sin agus bíonn feasta acu.
Lá Nodhlag Beag: An chéad lá den bliadhan nua. Má bhíonn tú crosta an lá sin béidh tú crosta ar feadh na blaidhna. "Lá Cinn Blaidhna" na "Nodhlag na mBan" ainm eile air.
La 'le Stiopháin: Bíonn na paistibh óga a itheacht thart leis an dreóilín an lá sin ag mealladh pinghneacha ó na daoine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe