Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 323
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá meadar againn sa mbaile. 'Cuinneóg' a tugtar mar ainm air. Tá sé dha throigh ar aoirde. Tá sé troigh go leith ar leitheadh in a bhun, agus troigh in a bhárr. Rinneadh é deich mbliadhna ó shoin. Tá a lán gleasanna inntí agus seo iad, loithne, clár, claibín, agus an cuinneóg féin. Ní chuirtear aon mharcanna ar an gcuinneóig.
Déantar maistreadh dhá uair sa seachtmhain sa Samhradh agus uair amháin sa nGeimhreadh. Déanann mo mháthair an cuigeann agus cabhruigheann muid féin léithí. Má thagann strainséar isteach agus an chuigeann da dhéanamh buaileann sé greas air ionnus nach dtuibradh sé an t-im leis. Bíonn an cuigeann dhá dhéanamh ar feadh leath-uaire leis na lamhaibh déantar an cuigeann. Oibrightear an loithne síos suas nuair a bhíos an cuigeann dá dhéanamh.
Nuair a bhíos an cuigeann déanta tagann cnapóga beaga ime ar a bhárr. Tógtar as an gcuinneóig annsin é, agus nightear é le uisge úr. Cuirtear salann annsin air, agus leagtar in áit nach bhfuil ró-the é, ionnus go mbeidh blas deas air le n-ithe. Tugtar cuid den bláthach do na cearca annsin, óltar cuid eile, agus déantar cacaí as an gcuid eile.
Chuala mé sgéal i dtaobh bean a bhí ag déanamh cuiginn uair. An fad is a bhí sí dá dhéanamh buail bean tincéara isteach is níor bhuail sí greas ar an gcuigeann. D'imthigh sí leithí arís, agus ar feadh i bhfad ní raibh aon im ag teacht ar an mbainne. Thosuigh an t-im ag teacht annsin acht níor tháinig an méid is ba cheart. Dubhairt na daoire annsin gur thug an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe