Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa tsean aimsear bhíodh cúpla saghas aráin acu. Déintí arán as cruithneacht, min-choirce, agus beagán plúir. Do mheileadh na daoine an coirce sa mbaile. Mheiltí an coirce idir dhá chloich ar a dtugtaí bróinte. Bhíodh na bróinte cruinn, agus poll i lár gach cloich. Bíodh inneall beag ag obair idir dhá chloich agus lámh air. Chuirtí an coirce isteach idir an dá cloich agus meiltí é. Níl aon bhró ar usáid anois.
Déintí arán as fataí fadó. Ar dtús baintí an croiceann de na fataí agus bhídís measgtha le plúir, salann, sóid agus leamhnacht. Chuirtí síos annsin iad ar fríochtán agus im fútha, agus déintí iad a bhácáil. Ithte te iad nuair a bhéadh siad bácáilte. Déintí fós iad. Déintí aráin as bocstí fadó. Ní dhéantar fos é. Chuirtí cáca le bácáil in oighean nó i mbácús.
Déintí arán freisin ar greidill. Ní bhíodh maide aráin acu fadó, acht uaireannta bíodh spunneóg mór adhmaid acu chun an cáca fuinneadh.
Déintí arán speisíalta ar ócáid pósta, le h-aghaidh Nodlag agus Caisg, agus dhá mbeadh stráinséar ag teacht déintí é. Cuirtí cros ar bhárr an císte, chun é a bhacáil gan móran moille. Déantar fós é.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe