Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 250
- XML “An Dearg Mór”
- XML “Tadhg Ó Mongáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sul dá dtuicfeadh sé an taobh eile don teach.
Dubhairt an Dearg Mór nach bhfanfadh sé le Goll agus d'imtigh se le faitchíos go dtí an Spáinn agus níor fill sé aríst. - Fadó, nuair abhí ar dhaoine as Connamara a dhul go Gaillimh ar thóir rudaí a theastuigh uatha, bhí taodhbhse ina chomhnuidhe thiar i Mám Éin. Chuile dhuine a rachadh thairis chuirfeadh sé trí cheist air agus mara dtiubharfadh sé an freagra ceart orra mharbhóchadh sé é. Bhí go leór daoine ag dul an bealach agus bhí an taidhbhse dhá marbhú.
Bhí fearr ina chomhnuidhe i nGleann Luisc an taobh thiar do Chornamóna agus an tainm abhí air. Tadhg Ó'Mongáin. Dubhairt sesiean go rachadh sé an bealach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamas Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe