Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 11u Márta 1938.
Sean-fhoclaí
(1) Briseann an dúchas trí shúile an chait.
(2) Sé an fear saidhbhir an té nach bhfuil uaidh acht beagán.
(3) Mol an óg agus tiocfaidh sí.
(4) Is í an Gaedhilge teanga na h-Éireann.
(5) Tosnuighadh maith leath na h-oibre.
(6) Fásann níos mó i ngort ná mar a chuirtear ann.
(7) Cíos do thighearna nó biadh do leinbh.
(8) Ní bhíonn ceann sean chríona ar guailnibh óga.
(9) Más seirbhíseach thú bí umhal do do mháighistir.
(10) Ar a bhfaca tú ariamh ná bí deirneach ag do chuid oibre ar maidin.
(11) Uain nó taoille ní fhanann le aoine.
(12) Seachain teanga liom leat.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Conroigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Mulruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe