Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór deifriocht ins na tighthe abhí ann fadó agus na tighthe ata ann anois.
Bhí ceann tuighe ar an gcuid is mó do na tighthe fadó. Bhiodh sean-mhataí agus píosa ádhmaid ins an doras acú agus chaithfeadh siad a dhul ar a nglualní le dúl isteach ann bhí sé chomh híseal sin. Bhiodh na simléir déanta as ádhmad agus bhiodh cliabh ar a bhárr leis an deatach a leigeann amach.
Bhí binneana maola ar go leó do na tighthe fadó mar bhí an tuighe leigthe anuas orra. Bhí na tighthe sin an chomhang.
Bhí sean - teach ar thaobh chruich fadó agus chuaidh sagart ann ag cur holar ar shean-fhear abhí ann. Bhí sé éasgaidh a dúl isteach ann acht nuair a shíl sé a theacht amach chinn sé air agus d'fhearr sé orra cé'n chaoí a rachadh se amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamas Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe