Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Ní hionann a dhul go dtí an baile mór agus a theacht as(2) Ní shiad na fir mhóra a bhaineanns an Fóghmhar(3) Is deacair an tslat a shnaomadh nuair a chruaidhigheann sí(4) Níl a fhios ag fear ar bith cé'n áit a luigheann an bhróg ar fhear eile(5) Is feárr leat fhéin ná le droch-chomhluadar(6) An té a dtéigheann cáil an mhocháire amach dó ní dochar dó codhladh go meadhon-lae(7) Is furasta fuil a bhaint as ceann carrach
(8) Is maith an sgéalaidhe an aimsear
(9) Déan uair amháin é agus tá sé déanta faoí dhó
(10) Ná caith do shaoghal ag diomhaoin
(11) Ná tabhair breith ar an gcéad sgéal(12) Má's maith leat do mholadh, fá bás,
Má's maith leat do cháineadh, pós.(13) An té atá thuas óltar deoch air agus an té atá thíos buailtear cos air(14) Maireann an crann acht mo léan ní mhaireann an lámh a chuir é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe