Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuinneóg i ngach teach sa tir beagnach.
Bíonn an chuinneóg déanta as giubhsach portaigh.
Bíonn loithne clúdach agus clabín ag teactáil le haghaidh na cuinneóige. Cuirtear poll thrí an gclúdach agus cuirtear an loithne suas ins an bpoll agus an clabín anuas le hais na loithne.
Má bhíonn muintir an tighe ag déanamh maistreadh agus má thagann fear nó bean isteach is cóir dhó dreas a bhualadh. Má théigheann an duine sin amach gan dreas a bhualadh ní bheidh muintir an tighe sásta beidh siad ag ceapadh gur ag iarraidh an tim a ghoid a bhí sé.
Nuair a theigheann's an duine amach gan dreas a bhualadh cuirtear maide caorthan faoi an gcuinneóig le faitchíos go mbeach sé ag goid na hime uatha.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Somacháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Somacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo