Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- XML Leathanach 392
- XML “Tithe an tSeanama”
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt fear an tighe leis a dhul amach an chaoí a dtáinig sé isteach
- Tá lios in-aice leis an talamh ata againn, agus tugtar Páirc a Leasa ar an áit mar gheal ar sin.
Deir cuid do na daoine go raibh sídheóga sa lios fadó.
Bhí fear ag teacht abhaile agus thuit sé in-a chodladh in aice leis an lios.
Bhíodh siad ag dul soir go Sasna agus ag ól chuile shórt a ba mhaith leobhtha.
Bhí siad ag dul soir an oidhche seo agus dubhairt siad Each agus buinéad dhomsa, dubhairt an fear an rud céadhna agus chuaidh sé leóbhtha.
Thosaigh siad ag ithe agus ag ól. Nuair a bhí a saith ithte acú chuaidh siad abhaile aríst agus ní raibh an fear seo ina(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Bhearshúiligh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Bhearshúiligh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe